Laghdaigh na lítir sa chistin
Úsáidtear cuid mhaith den uisce inólta a sholáthraítear do bhailte
sa chistin chun críocha éagsúla. Is féidir a lán uisce a spáráil anseo,
agus i roinnt cásanna, is féidir costais fuinnimh a laghdú trí
athruithe tábhachtacha a dhéanamh ar conas a úsáidtear uisce.
Leideanna maidir le miasniteoirí agus meaisíní níocháin a úsáid
- Ná bain úsáid as fearais níocháin go dtí go bhfuil siad lán.
Mura bhfuil a lán rudaí le ní, bain úsáid as rogha an
leath-ualaigh.
- Nigh líonta beaga éadaí de lámh i mbáisín.
- Sula gceannaíonn tú meaisín nua, féach ar a leibhéal
éifeachtachta uisce (cuirtear ráta A ar fhearais atá
an-éifeachtach ó thaobh an fhuinnimh de).
| Fearas |
Uisce a úsáidtear in aghaidh an níocháin/lítir |
| Meaisíní níocháin (cineálacha nua) |
44 - 56 |
| Miasniteoirí (cineálacha nua) |
13 - 19 |
Nota: úsáideann meaisíní níocháin/triomadóirí comhtháite agus meaisíní Meiriceánacha níos mó uisce go coibhneasta
barr...
Cuir stopán sa doirteal agus cas an sconna as
- Nigh glasraí agus torthaí i mbáisín uisce agus úsáid an t-uisce fágtha do phlandaí tí.
- Is féidir i bhfad níos mó uisce a dhiomailt ag ní mias sa doirteal ná mar a úsáideann miasniteoir.
- Ná rinseáil uirlisí gan chúis sula gcuireann tú sa mhiasniteoir iad. Cuir aon bhia fágtha in araid bhruscair an dramh-bhia.
- Ná cas an sconna air chun fanacht le huisce fuar. Cuir uisce óil i gcrúsca agus cuir sa chuisneoir é le bheith úsáidte ar an lá sin.
- Insligh píopaí uisce the chun cosc a chur ar chailliúint teasa agus ar théimh na bpíopaí uisce fhuair.
- Ná cuir ach an méid uisce atá ag teastáil sa chiteal.
barr...
Dramh-bhia cistine
Féadann aonaid diúscartha dramhaíola i ndoirtil a lán uisce a
úsáid, in ionad sin, déan múirín as do dhramh-bhia
(tá leideanna breise faoi seo sa chuid faoi Ghairdín).
Beathaigh na héin
Ná doirt íoth, saill nó ola cócaireachta dramhaíola i ndoirteal na
cistine mar ní fada go bhfuaraíonn siad, go dtéachtann siad
agus go gcúisíonn siad blocáil. Sábháil an saill agus an íoth
dramhaíola agus déan ‘cáca éin’ as le roinnt cnónna (gan
chnónna iomlána a úsáid), síolta agus rísíní. Croch an ‘cáca éin’
lasmuigh chun cabhrú leis an dúlra.
barr...
Stop sileadh na sconnaí
Ceartaigh sileadh na sconnaí!
Má shileann braon amháin as sconna in aghaidh an tsoicind, diomlaítear níos mó ná 4
lítear uisce in aghaidh an lae! Má athraíonn na braonta isteach i sruth, i ndiaidh 2 lá,
diomlaítear níos mó uisce ná mar a úsáideann 1 duine amháin in 1 lá amháin*.
*Bunaithe ar an meastachán go mbaineann gach duine úsáid as 150 lítear ar an meán in
aghaidh an lae.
Coinnigh lámh amháin ar an sconna!
Agus tú ag scuabadh do chuid fiacla, ag bearradh nó ag rinseáil rud éigin, cas an sconna
as go rialta. Gach uair a dhéanann tú é sin le linn duit do chuid fiacla a scuabadh,
féadann tú 6 lítear uisce a spáráil in aghaidh an nóiméid.
barr...
Téigh i dtaithí ar!
Sconnaí speisialta
Is féidir roinnt fearas chun uisce a chaomhnú a cheannach do sconnaí.
- Is féidir aerthóirí sconnaí a chur ar ghnáthsconnaí aon uair i
ndiaidh dóibh a bheith suiteáilte. Cuireann siad sreabhadh
níos lú uisce ar fáil gan bhrú uisce a laghdú i gcomparáid le
gnáthsconna.
- Seachadann sconnaí spraeála 70% níos lú uisce ná
gnáthsconnaí (agus an dá cheann ar siúl ar feadh na tréimhse
céanna) agus tá siad úsáideach chun lámha a ní.
- Tá sconnaí le sreabhadh aeraithe oiriúnach do
ghníomhaíochtaí cistine e.g. ní na mias.
barr...
Leideanna féideartha don seomra folctha
Gach uair a shruthlaítear leithreas nó a nitear gruaig, tá gach braon uisce a úsáidtear cóireáilte
agus ar aon chaighdeán leis an uisce óil. Sruthlaítear thart ar aon cheathrú den uisce óil glan uile
a úsáidtear i dtithe síos sa leithreas.
Leithris
- Nuair atá leithreas nua á cheannach agat, d’fhéadfá smaoineamh faoi leithreas mar seo a
leanas a shuiteáil:
- Leithreas a úsáideann sruthlú íseal (níos lú ná 6 lítear in aghaidh an tsruthlaithe) nó
- Leithreas le déshruthlú. (Má tá leithreas le déshruthlú agat,
is féidir sruthlú mór nó beag a roghnú.)
- Cuir fearas saor chun uisce a spáráil isteach i sistéal leithris le sruthlú ard (níos mó ná 6 lítear).
Bí cúramach nach bhfuil sé riachtanach an leithreas a shruthlú faoi dhó.
- Seiceáil le haghaidh ligean uisce trí ruaim bia a chur sa sistéal. Fág ann é ar feadh tamaill agus
seiceáil an gcúisíonn ligean uisce stríoca daite i mbabhla an leithris. Is féidir teacht ar ligean
uisce freisin trí pháipéar leithris tirim a chur in aghaidh an bhabhla.
- Is féidir uisce báistí bailithe ar dhíonta a úsáid le haghaidh leithreas. Caithfidh áis tacaíochta
i.e. nasc leis an soláthar uisce óil, a bheith ann do thráthanna nuair nach dtiteann go leo báistí.
Folcadáin agus cithfholcadáin
- Déan iarracht tréimhse ghearr a chaitheamh sa chithfholcadán.
- Laghdaigh sreabhadh an uisce fad agus atá feabhsaitheoir gruaige isteach agat agus tú ag
fanacht lena fheidhmiú.
- Féadann cithfholcadáin chumhachtacha níos mó uisce ná folcadáin a úsáid má tá
cithfholcadán níos faide ná 5 nóiméad agat.
- Má tá folcadán agat, úsáid an líon is lú uisce is féidir.
barr...