Athruithe Beaga - Coigilteas Mór
Trí roinnt athruithe simplí a dhéanamh is féidir leat do bhille a laghdú go suntasach agus cabhrú le hacmhainn luachmhar a chaomhnú
- Laghdaigh Scoil sa Ghaillimh a bille ó €12,000 in aghaidh na bliana go €1000 in aghaidh na bliana trí fhualáin chéadfacha a chur in ionad trí fhualán shilteacha.
- D’aithin Gnó Áitiúil sceitheadh uisce faoin talamh ar a áitreabh, dheisigh siad é agus shábháil siad €6,000 in aghaidh na bliana.
- Laghdaigh B&B a bhille ó €1500 in aghaidh na bliana go €100 in aghaidh na bliana trí leithreas ina raibh an t-uisce ar siúl i gcónaí a dheisiú.
Conas uisce a chaomhnú
- Cuardach Sceite: tá sé de dhualgas ort píobáin ar do réadmhaoin nó ar do thalamh a chothabháil.
- Seiceáil do Mhéadar chun sceitheadh uisce a aithint nuair nach bhfuil aon uisce á úsáid san fhoirgneamh.
Déan teagmháil le Veolia ar www.veolia.ie nó 01-14136500 chun a fháil amach cá bhfuil do mhéadar suite agus chun faisnéis a fháil faoi do bhille.
- Iniúchtaí Uisce: is féidir iad a dhéanamh go inmheánach nó is féidir iarraidh ar chuideachtaí seachtracha iad a dhéanamh.
- Déan sconnaí, leithris agus fualáin a uasghrádú le feistis agus braiteoirí a shábhálann uisce.
- Déan uisce ó chórais fuaraithe agus aerchóirithe a athchúrsáil.
- Bailigh uisce báistí ar do dhíon, agus bain úsáid as le haghaidh leithreas, córais fuaraithe, glantacháin agus i bhfad níos mó.
- Cuir Feasacht ar Chaomhnú Uisce chun cinn/ceap Oifigeach Uisce / cuir isteach bosca moltaí / labhair faoi chaomhnú uisce ag cruinnithe / seol ríomhphost chuig an bhfoireann / cuir faisnéis ar chláir fógraí.
Tá Tuilleadh Eolais faoi chuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus táirgí le fáil anseo