Garraíodóireacht agus gníomhaíochtaí allumuigh
Má tá spéis agat sa gharraíodóireacht nó fiú amháin má tá suim agat i leibhéal cothabhála íosta timpeall do bhaile,
tá go leor bealaí ar féidir leat cosc a chur ar dhiomailt uisce.
Bailigh uiscigh báistí agus usicigh plandaí ar bhealach éifeachtach
- Is soithigh i gcruth bairillí iad butaí uisce a bhailíonn uisce báistí ó dhíonacha trí mheán fánphíobáin.
Oireann uisce báistí do phlandaí. Bain úsáid as buta atá sábháilte do leanaí.
- Úsáid spréachchanna chun bláthanna a uisciú.
- Seiceáil réamhaisnéis na haimsire sula dtosaíonn tú le huisciú na bplandaí mar seans go gcuirfidh sé
báisteach go luath.
- Seachain uisciú beag minic mar cothaíonn sé fás éadomhain na bhfréamhacha.
- Ná huiscigh ceantair idir plandaí mar cothaíonn sé sin fiailí.
- In aimsir the, uiscigh do ghairdín go luath ar maidin nó um thráthnóna chun galú a laghdú.
barr...
Cuir cosc ar an bpíobán
Ná huiscigh an fhaiche agus ná nigh an gluaisteán agus na cosáin le
píobán ach amháin má tá uisce báistí bailithe á úsáid agat. Féadann
píobán gairdín beagnach a mhéid uisce a úsáid in 1 uair amháin agus
a úsáideann gnáth-theaghlach de cheathrar in 1 lá amháin.
- Nuair a bhíonn an aimsir te, athshocraigh lanna an lomaire faiche
chuig 4cm chun féar a spreagadh le drúcht na maidine a choinneáil,
chun galú a laghdú agus chun fanacht slán ó fhiailí.
- Bain úsáid as móta e.g. slisíní coirte nó gairbhéal sa ghairdín chun
fliche a choinneáil áit a bhfuil gá léi. Is fearr móta a chur ar barr fiailí
ná grafán a úsáid leo.
- Cuir múirín le hithir chun an t-ábhar orgánach a mhéadú agus chun
cur le cumas na hithreach fliche a choinneáil.
- Roghnaigh plandaí atá triomach-dhíonach nó atá in ann
maireachtáil le linn spalladh triomaigh.
- Nigh an gluaisteán le buicéad uisce agus spúinse. Úsáideann sé sin
thart ar 10 lítear uisce i gcomparáid le níos mó ná 90 lítear nuair a
úsáidtear píobán.
- Scuab cosáin an ghairdín le scuaba.
barr...
Áiseanna uisce
- Úsáid uisce báistí le haghaidh áiseanna uisce nó déan cinnte go n-athchúrsálann
fuaráin agus áiseanna cosúil leo an t-uisce in áit é a dhiomailt go leanúnach.
- Déan cinnte go bhfuil líneálach linnte gairdín saor ó phoill.
- Cuir ceist in ionaid ghairdín faoi phlandaí uisce neamhionracha a chabhraíonn le laghdú
ar chailliúint uisce ó linnte.
barr...
Faisnéis faoi mhóta
Sochtann móta gairdín fiailí, coinníonn sé fliche agus feidhmíonn sé
mar bhacainn idir ithir an ghairdín agus an teas, an ghaoth agus an
fuacht. Níl móta mar an gcéanna le múirín, cé go ndreonn móta
orgánach ar deireadh agus cuireann sé cothaithigh ar fáil don talamh
thíos faoi.
- Ba chóir do mhóta orgánach a bheith déanta as ábhair neamhdreoite.
Tá roinnt cineálacha éagsúla de mhóta neamhorgánach
agus orgánach ar fáil, lena n-áirítear coirt mhionghearrtha, adhmad
agus sliseanna, clocha beaga, plaisteach, spíonlach giúise agus
duilleoga mionghearrtha.
- Fág spás 1 orlach ar a laghad idir an carnán móta i gcruth
taoschnó timpeall bhun an chrainn agus an choirt chun cosc a chur
ar dhamáiste. Is féidir móta a chur síos aon tráth den bhliain ach is
maith é a chur síos go déanach san earrach tar éis don ithir a
bheith téite.
barr...
Do ghairdín glasraí a phleanáil
Cuir barraí le go leor duilleoga le chéile, mar tá an méid is mó uisce ag
teastáil uathu e.g. cóilis, brocailí, pónaire reatha, leitís, piseanna, trátaí,
prátaí agus oinniúin sailéid. Tá seans níos fearr ag barraí fréimhe e.g.
meacan biatais, tornapa agus cairéad, maireachtáil le linn spalladh
triomaigh. Mar sin féin, níor chóir ligean dóibh triomú amach.
barr...