Ceisteanna Coitianta

  • Cé atá freagrach as ligean uisce ar mo mhaoin a dheisiú?
    Tá tú freagrach as ligean uisce ar do mhaoin a dheisiú, ach tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as ligean uisce a dheisiú sa phríomhlíonra uisce a théann chuig do mhaoin.

  • Tuairiscigh ligean uisce
    Má thugann tú ligean uisce faoi deara i gCathair na Gaillimhe, iarr, le do thoil, ar bhall den Rannóg um Oibriú agus Cothabháil Seirbhísí Uisce, an Rannóg Iompair & Infrastruchtúir, ag Halla na Cathrach. Guthán: (091) 765419 nó (091) 536400 nó Ríomhphost: water@galwaycity.ie

  • Céard atá á dhéanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun deireadh a chur le diomailt uisce sa chóras dáilte?
    Baineann an fhoireann um Chuardach Sceite fostaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe úsáid as fearas fuaimneach speisialta agus córais ríomhaire chun teacht ar ligean uisce. Má tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as na píopaí damáistithe, deisíonn an fhoireann um Dhíothú Sceite iad; mura bhfuil, cuirtear úinéirí na maoine príobháidí atá freagrach as an ligean uisce ar an eolas faoin bhfadhb.

  • Cá dtéann an t-uisce a shníonn síos sa draein?
    Sreabhann dramhuisce (uisce ó dhoirtil, leithris, cithfholcadáin agus fearais níocháin) i séaraigh chuig Ionad Cóireála Dramhuisce Inis Caorach, áit a gcóireáiltear é. Níl roinnt bailte sa chathair nasctha leis an gcóras séarachais.

:: web design by impact media ::